Close icon
Close icon

COGG Fógra Sonraí Comhdhála

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) ní mór go gcuirfear ar an eolas tú nuair a bhaineann eagraíocht úsáid as do chuid sonraí pearsanta. Tá sé de cheart agat fios a bheith agat faoi na sonraí agus cúiseanna a bhaineann le próiseáil ar shonraí.

Tugann an fógra seo imlíne ar phróiseáil ar shonraí pearsanta mar chuid de Chomhdháil COGG. Mar chomheagraí na comhdhála, leis an An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG), b’fhéidir go mbaileoidh CMgS do chuid sonraí pearsanta i riaradh agus in eagrú na comhdhála amháin.

Conas mar a bhainimid úsáid as do chuid sonraí pearsanta?

Má chláraíonn tú don chomhdháil, baileofar do chuid sonraí pearsanta i riaradh agus in eagrú na comhdhála amháin. Más gá, roinnfear do chuid sonraí le soláthróirí seirbhísí in eagrú agus i riaradh na comhdhála amháin. Beidh aon soláthróir seirbhísí bainteach faoin chonradh sonraí pearsanta a phróiseáil ar son CMgS, sonraí a choimeád faoi rún agus a chosaint ó rochtain gan cead.

Na sonraí a bhaileofar mar chuid den chlárú ná:

  • Ainm
  • Seoladh Rphoist
  • Deimhniú seoladh rphoist
  • Uimhir ghutháin
  • Uimhir Comhairle Mhúinteoireachta
  • Uimhir Rolla Scoile
  • Seoladh Scoile
  • Riachtanais Cothaithe nó Rochtana

Scriosfar na sonraí Iáithreach i ndiaidh na comhdhála. Tá aontú feasach mar chuid den chlárú.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo faoin Oifigeach um Chomhlíonadh Faisnéise agus faoi do chearta.