Close icon
Close icon

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe (Bunscoil agus Iarbhunscoil)

Tá COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) agus Coláiste Mhuire gan Smál ag eagrú comhdháil lae do mhúinteoirí nuacháilithe i gColáiste Mhuire gan Smál ar an 28 Meán Fómhair 2024.

Undergraduate students sitting in a lecture hall at MIC.

Coinnigh an Dáta

Díreoidh an chomhdháil lae seo ar Mhúinteoirí Nuacháilithe - bunscoile agus iar-bhunscoile agus atá / a bheidh ag teagasc i scoil Ghaeltachta, i nGaelscoil nó i nGaelcholáiste.Is deis a bheidh ann eolas a fháil faoi chúraimí an mhúinteora nuacháilithe, casadh ar mhúinteoirí nuacháilithe eile agus dea-chleachtais a roinnt.

Is comhdháil saor in aisce a bheidh ann atá dírithe ar riachtanais an mhúinteora nuacháilithe mar chuid den phróiseas Droichead:

Faoi réir polasaí Droichead agus tar éis dul i gcomhairle lena bhFoireann Tacaíochta Ghairmiúil, má tá tús curtha ag MNCanna leis an bpróiseas Droichead roimh an imeacht seo, féadfar freastal ar an lá mar chuid de na riachtanais foghlama gairmiúla breise den phróiseas Droichead.

Coinnigh súil anseo i gcomhair tuilleadh eolais faoin gcomhdháil nó cuir ceisteanna chuig Comhdhail@COGG.ie.

  • Cathain: 28 Meán Fómhair 2024
  • Cén áit: Coláiste Mhuire gan Smál

Cláraigh

Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe
Comhdháil na Múinteoirí Nuacháilithe
Ar an 28 Meán Fómhair 2024.
MIC125 agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta