Close icon
Close icon
News

Taighdeoirí ó CMgS, páirteach i dtaighde maidir leis an scéim ‘Club Leabhar’ i scoileanna lán-Ghaeilge

MIC Academics partner with COGG to explore Irish language book clubs in Irish medium schools

Tá tuarascáil foilsithe le déanaí ag taighdeoirí CMgS An Dr Karen Ní Chlochasaigh, An Dr Conchúr Ó Brolcháin agus Carmel Nic Airt maidir leis an scéim ‘Club Leabhar’ i scoileanna lán-Ghaeilge, ag leibhéal na bunscoile agus na hiarbhunscoile.

Is iad aidhmeanna na scéime ‘Club Leabhar’ ná deiseanna a chur ar fáil do pháistí bunscoile agus meánscoile in Éirinn, tabhairt faoin léitheoireacht neamhspleách agus meon dearfach a chothú maidir le litearthacht trí Ghaeilge. Fócas eile atá léirithe tríd an scéim ná feasacht ar litríocht na Gaeilge a ardú i measc an phobail agus muinín agus inniúlacht a fhorbairt i measc múinteoirí maidir le múineadh litearthachta na Gaeilge ar bhealach nuálach agus cruthaitheach.

Rinne an fhoireann taighde ó CMgS measúnú ar éifeachtacht na scéime ‘Club Leabhar’ agus rinneadh moltaí maidir leis an gcaoi go bhféadfaí an scéim a thabhairt go barr feabhais agus í a leathnú amach do thuilleadh rannpháirtithe sna blianta amach romhainn. 

Ag plé torthaí an taighde, dúirt Conchúr: “Léiríonn ár dtaighde an tionchar dearfach a bhí ag scéim Club Leabhar maidir le léitheoireacht neamhspleách trí Ghaeilge a spreagadh i measc dhaltaí bunscoile agus meánscoile. Bhí an t-aiseolas ó na páistí féin thar a bheith spéisiúil, agus rinne go leor acu cur síos ar an gcaoi gur chabhraigh na clubanna leabhar chun léitheoireacht trí Ghaeilge a dhéanamh níos taitneamhaí agus níos inrochtana. Tá súil againn go dtacóidh na moltaí inár dtuarascáil chun an scéim a láidriú agus a leathnú sna blianta amach romhainn.”

Léiríonn an staidéar go gcreidtear an scéim Club Leabhr a bheith an-fhiúntach agus éifeachtach ó thaobh léitheoireacht neamhspleách trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Aimsíodh léargais fíor-speisiúla sa tuairisc ó chur chuige na dtaighdeoirí mar gur chur siad glórtha na bpáistí go croí-lár an taighde. 

Is féidir an tuarascáil féin a léamh ar shuíomh COGG anseo.

Tuilleadh eolais faoin scéim Club Leabhar féin le fáil anseo.

MIC Academics partner with COGG to explore Irish language book clubs in Irish medium schools

MIC researchers Dr Karen Ní Chlochasaigh, Dr Conchúr Ó Brolcháin and Carmel Nic Airt have published a report into the effectiveness of Irish language book clubs in Irish medium settings at primary and post-primary level.

The Club Leabhar scheme aims to provide opportunities for primary and secondary-level children in Ireland to engage in independent reading and to help foster a sense of enjoyment when engaging with literacy through Irish. The scheme also aims to raise awareness of Irish language literature amongst teachers and children and to develop a greater confidence and competence amongst teachers towards the teaching of Irish literacy in innovative and creative ways in both Gaeltacht and Gaelscoil contexts. The research undertaken by the team assessed the effectiveness of the Club Leabhar scheme and made recommendations as to how it might be improved and expanded in the coming years.

Discussing the research’s findings, Conchúr said: "Our research highlights the positive impact the Club Leabhar scheme has had in encouraging independent reading through Irish among primary and secondary school students. The feedback from children themselves was particularly insightful, with many describing how the book clubs helped make reading in Irish more enjoyable and accessible. We hope the recommendations in our report will help expand the scheme's impact in the years ahead."

Evidence from this study suggests that the participants have found the scheme to be both worthwhile and effective in promoting independent reading through the medium of Irish. The researchers hope that the findings of this study will contribute to ongoing efforts to promote literacy through Irish and to nurture a lifelong love of reading among young people. 

Click here to read the full report.

Read more about the Club leabhar scheme here.