Close icon
Close icon
News

Déanann CMgS ceiliúradh ar an líon is mó riamh de dhamhachtainí dochtúireachta a bronnadh ag an mBronnadh Céime

MIC PhD graduates standing on college steps

Bhí áthas ar Choláiste Mhuire gan Smál (CMgS) an tseachtain seo ceiliúradh a dhéanamh ar bhronnadh dámhachtainí dochtúireachta ar 30 céimí – an líon is airde riamh a fuair PhD ón gColáiste in aon bhliain amháin. Bhí na dámhachtaithe dochtúireachta i measc beagnach 1,500 mac léinn a bhain céim amach ó CMgS thar dhá lá ar an Déardaoin 27 & ar an Aoine 28 Deireadh Fómhair.

Ina measc siúd ar bronnadh pár orthu bhí naonúr céimí den Dochtúireacht Ghairmiúil i Síceolaíocht an Oideachais agus an Pháiste (DECPsy). Is cúrsa oiliúna gairmiúla lánaimseartha trí bliana é an clár uathúil seo, a bunaíodh in 2016, d’iarrthóirí ar spéis leo gairm a bhaint amach mar shíceolaí oideachais. Bhí fócas éagsúil ag taighde a dhein mic léinn DECPsy mar chuid dá gcuid staidéir ó shaol na scoile tar éis gortú inchinne faighte, eispéiris daoine óga atá ag lorg tearmainn ar oideachas in Éirinn, agus rannpháirtíocht a bhíonn ag aithreacha le seirbhísí míchumais chomh maith le braistintí agus eispéiris aithreacha agus síceolaithe; beidh impleachtaí dearfacha agus buana acu ar fad ar chleachtas sa todhchaí i síceolaíocht an oideachais agus an pháiste.

I measc na réimsí eile de thaighde spreagúil nua ar tugadh fúthu bhí an taighde a dhein an Dr Clara Hoyne ó Dhroichead an Chláir, Co. an Chláir, ar ról na timpeallachta foghlama baile i bhforbairt chognaíoch agus shochmhothúchánach sa luath-óige; dhein an Dr Tom Carroll ón nDruipseach, Co. Chorcaí, iniúchadh ar chomhoiriúnacht na meabhrach agus an éitis i mBunscoileanna Caitliceacha na hÉireann; agus chuaigh an Dr Aoife Chawke as Cróch, Co. Luimnigh, i mbun taighde ar an tionchar atá ag cuir chuige teagaisc agus foghlama fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ar eolas, ar scileanna, ar rannpháirtíocht agus ar inspreagadh na mac léinn atá ag foghlaim pianó; agus dhein an Dr Irene Hogan ó Bhaile Garbháin, Co. Chorcaí, staidéar ar eispéiris agus ar dhearcthaí na gcóitseálaithe deonacha ban i bPeil Ghaelach na mBan.

Ina measc siúd ar bronnadh dámhachtain dochtúireachta orthu bhí an Dr Ruth Bourke ó Chaisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh, a rinne taighde ar conas is féidir le líonrú tacú le scoileanna DEIS. Bhain an Dr Bourke céim amach ó CMgS i mbliain an dhá mhíle le BA sa Bhéarla agus Staidéar na Meán & Cumarsáide agus Máistreacht san Oideachas in 2004, nuair a thosaigh sí ag obair leis an dTionscadal ‘Claochlú an Oideachais trí Chomhphlé’ (TED). Is tionscnamh de chuid Aonaid Fhorbartha Churaclaim (CDU) an Choláiste é TED agus é mar aidhm ag an tionscadal torthaí oideachais do leanaí a fheabhsú trí leas a bhaint as saineolas CMgS ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil do pháistí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí. Ó thosaigh sí ag obair le TED, d’fheidhmigh Ruth mar éascaitheoir do líonraí scoileanna DEIS agus rinne sí obair thaighde agus idirghabhála le scoileanna DEIS. Ceapadh í mar Chomhordaitheoir TED i mí na Samhna 2021. Tá sí ina Stiúrthóir Gníomhach ar an Aonad Forbartha Curaclaim faoi láthair, a aithnítear go náisiúnta mar lárionad sármhaitheasa ó thaobh dearadh curaclaim agus nuálaíochta de.

Rinne an tOllamh Michael Healy, Leas-Uachtarán Taighde ag CMgS, comhghairdeachas leis an 30 céimí ar a ndámhachtainí dochtúireachta, ag rá: “Over the last 25 years, Mary Immaculate College has taken enormous forward strides in its development in the twin areas of academic staff research and expansion of postgraduate research at doctoral level. The MIC conferrings of 2022 represent a major landmark of achievement for all MIC researchers. Today we celebrate with each and every one of the PhD and Master's students conferred with a research degree from MIC. We salute their dedication to academic excellence and their achievements in their disciplines and specialist fields.”

I dteannta na gcéimithe ag na searmanais bhronnta bhí an Comh. Francis Foley, Méara Luimnigh, Geraldine O’Brien Leas-Uachtarán ar Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, an tEaspag Brendan Leahy, Cathaoirleach Bhord na nIontaobhaithe agus Údaráis Rialaithe CMgS, agus an tOllamh Kerstin Mey, Uachtarán Ollscoil Luimnigh.

Le linn an dá lá de shearmanais bhronnta ar an gcampas bronnadh dámhachtainí acadúla ar nach mór 1,500 mac léinn ó 30 contae, 25 tír agus 5 mhór-roinn sa bhreis is 30 clár fochéime agus iarchéime a reáchtáileann an Coláiste san Oideachas agus sna Dána.