Gaeilge
Maidir Leis an Roinn
Cuireann Roinn na Gaeilge cláir éagsúla fhochéime agus iarchéime ar fáil, ina dtugtar deis do mhic léinn cur lena n-eolas ar theanga, ar phobal agus ar litríocht na Gaeilge. Is í Gaeilge teanga na Roinne agus tugtar deis do mhic léinn tógáil ar na scileanna cumarsáide idir labhairt agus scríobh na teanga mar chuid lárnach de gach modúl. Tá thart ar 350 mac léinn fochéime sa roinn, agus bíonn mic léinn ag tabhairt faoi chéimeanna máistreachta agus dochtúireachta linn chomh maith.
Tagann na scoláirí ó chúlraí éagsúla Gaeilge: mic léinn ón nGaeltacht, mic léinn a fuair oideachas lán-Ghaeilge agus mic léinn a thagann ó scoileanna a bhíonn ag teagasc tré mheán an Bhéarla.
Gné shuntasach den chéim BA sin againne go gcaitear an tríú bliain i socrúchán seach-champais agus is gné í seo a théann chun tairbhe go mór dár gcuid mac léinn. Tá neart socrúchán againn i suíomhanna ilchineálacha sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, sna meáin éagsúla, i gcúrsaí riaracháin, le heagrais Ghaeilge, agus i láithreacha oideachasúla, a thugann seans iontach dár gcuid scoláirí eolas a chur ar shaol na Gaeilge agus a thugann deis dóibh a bheith tumtha i dtimpeallacht lán-Ghaeilge.
Bíonn sárscileanna cumarsáide i nGaeilge idir labhairt agus scríobh, scileanna taighde agus scileannna le tuairiscí agus cáipéisí a chur i dtoll a chéile i nGaeilge, eolas ar litríocht na Gaeilge ó ré na Sean-Ghaeilge i leith, eolas cuimsitheach ar litríocht Ghaeilge na fichiú haoise, mioneolas ar Logainmneacha agus ar an gcóras ainmníochta, cur amach ar Bhéaloideas na Gaeilge, tuiscint ar theangeolaíocht ghinearálta, an-eolas ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge, taithí ar shaol agus ar phobal na Gaeilge, taithí ar thréimhsí a chaitheamh ag obair agus ag feidhmiú i suíomhanna lán-Ghaeilge, agust taithí ar an nGaeltacht, maraon le cáilíocht chun tabhairt faoi iarchéimeanna ag an té a bhaineann céim amach sa roinn seo.
Is tréimhse an-ghníomhach, bhríomhar, spéisiúil í seo i ndomhan na Gaeilge. Tá borradh faoi chúrsaí teanga sa tír agus níos mó deiseanna ná ariamh ag an té a bhfuil ardscileanna Gaeilge aige/aici. Bíonn éileamh ar chéimithe le Gaeilge i ngach gné den saol i réimsí na cumarsáide, an dlí, an oideachais agus an riaracháin go háirithe. Feidhmeannaigh, riarthóirí, múinteoirí, léachtóirí, iriseoirí, láithreoirí, aisteoirí, comhairleoirí, leabharlannaithe, aistritheoirí, ateangairí, urlabhraithe, taighdeoirí... Níl ansin ach liosta gearr de na daoine gur buntáiste dóibh céim sa Ghaeilge a bheith acu. Tacóidh céim sa Ghaeilge leat na cáilíochtaí cuí a bhaint amach le tabhairt faoi ghairm in aon cheann de na postanna sin.
Tar chun cainte linn: táimid ag fanacht leat!
Forbhreathnú ar an Ábhar
Cúrsaí Fochéime
Cuireann an Roinn modúil ar fáil do chúpla clár céime, clár an BA comhpháirteach ar champas an Choláiste i Luimneach maraon le modúil na Gaeilge sna céimeanna a bhíonn á dteagasc ar champas Phádraig i nDurlas ina measc: BA san Oideachas, Gaeilge & Staidéar Reiligiúin; BA san Oideachas, Gaeilge & Staidéar Gnó agus BA san Oideachas, Gaeilge & Matamaitic.
Bíonn deis ag fochéimithe an chláir Baitsiléir Oideachais (B Oid) roinnt modúl roghnacha a ghlacadh i nDámh na nDán. Tá cúig mhodúl ar fáil i Roinn na Gaeilge chuige sin. Is féidir leis an té a dhéanann an chúig mhodúl sin speisialtacht a bhaint amach sa Ghaeilge agus go minic, tabhairt faoi iarchéim sa Ghaeilge dá bharr sin.
Gaeilge don BA
Féach thíos le haghaidh modúil in ord íslitheach ó Bhliain 1 ar aghaidh:
Forbairt an ghearrscéil mar sheánra i nualitríocht na Gaeilge agus mionléamh ar rogha saothar ó thréimhse na hAthbheochana anuas go dtí an ré chomhaimseartha.
Teangacha an domhain, an Ghaeilge i measc theangacha an domhain, saintréithe na Gaeilge, An tAistriú Teanga, straitéisí an stáit don Ghaeilge sa phobal agus fearainn na Gaeilge.
Bunstruchtúr, gramadach agus comhréir na Gaeilge, cothú scileanna i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Logainmneacha i gcoitinne, ciall agus tuiscintí an fhocail ‘dinnseanchas,’ le béim ar an tírdhreach, agus ar an gcóras ainmnithe. Seachadadh, polaitíocht agus cúlra sóisialta na logainmneacha. Feidhmeanna agus stádas na topografaíochta in Éirinn. Forbairt na n-ainmneacha pearsanta, idir ainmneacha baiste agus sloinnte. Béarlú na n-ainmneacha agus na logainmneacha.
An t-úrscéal Gluaiseacht le hAlan Titley agus an t- iarchoilíneachas agus díláithriú pobal.
Comhthéacs stairiúil na Nua-fhilíochta agus mar a bhí sí fite fuaite le hAthbheochan na Gaeilge agus bunú an Stáit. Filíocht lár an chéid anuas go dtí glúin INNTI mar aon leis na filí comhaimseartha atá i mbun pinn le 30 bliain anuas.
Mionléamh ar ghearrscéalta Gaeilge ina gcomhthéacsanna critice. Déanfar staidéar ar shaothar le beirt údar faoi leith. Tuiscint a thabhairt do na mic léinn ar choincheap an bhéaloidis i dtéarmaí leithne agus ar láithriú, bailiú, seachadadh agus caomhnú an bhéaloidis in Éirinn.
Staidéar a dhéanamh ar an bhFilíocht Chlasaiceach, a cúlra, a comhthéacs, maraon le béim ar leith ar Na Dánta Grádha. Staidéar a dhéanamh ar dhírbheathaisnéisí na Gaeilge, cosúil le Fiche Blian ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin, agus Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna. Cleachtaí i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, le béim ar leith ar ghnéithe áirithe den ghramadach, an t-ainmfhocal, agus an tuiseal, mar shampla.
Déanfar suirbhé ar litríocht na Gaeilge sa seachtú haois déag le cur síos ar na séanraí éagsúla próis agus filíochta a bhí á gcleachtadh ag mórscríbhneoirí na linne úd, agus é sin ar fad á chur ina chomhthéacs ceart staire agus polaitíochta. Sa staidéar ar litríocht an ochtú haois déag déanfar staidéar ar leith ar mhórshaothar filíochta Bhrian Merriman, Cúirt an Mheon-Oíche, agus pléifear an traidisiún as ar eascair an dán mór seo. Pléifear an fhilíocht Sheacaibíteach a scríobh filí móra na hochtú haoise déag ar nós Aogáin Uí Rathaille agus Eoghain Rua Uí Shúilleabháin ag féachaint go háirithe ar na haislingí polaitiúla a chum na filí tábhachtacha seo.
Staidéar ar rannpháirtíocht na mban i litríocht na Gaeilge.
Staidéar ar thraidisiún na drámaíochta i nGaeilge, agus ar phríomhdhrámaí na Gaeilge.
Staidéar ar thraidisiún na caointeoireachta.
Plé a dhéanamh ar ról na mban sa mhiotaseolaíocht, agus ar scéalta éagsúla a bhaineann le bandéithe.
Forbairt ar scileanna teanga idir labhairt agus scríobh, le béim ar dhíochlaonadh an ainmfhocail agus na haidiachta.
Tréimhse sheach-Champais
Staidéar ar logainmneacha na hÉireann ó ré na luathstaire go dtí an saol comhaimseartha, ar fhorbairt logainmneacha agus ar na hathruithe a bhuailtear anuas ar ainm le himeacht ama, ar an gcomhthéacs polaitiúil agus ar athruithe polaitiúla agus stairiúla a d’imir tionchar ar logainmneacha na tíre seo. Staidéar ar theanga mar mhodh cumarsáide, ar shealbhú teanga agus ar bhuncheisteanna teangeolaíochta. Béim ar leith ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus iniúchadh ar aistriú teanga, ar phleanáil teanga, ar bhuanú teanga agus ar pholasaithe stáit i leith na Gaeilge in Éirinn.
Déanfar cur síos ar shraitheanna scéalaíochta na Sean- agus na Meán-Ghaeilge, agus pléifear an cúlra as ar eascair an litríocht seo. Déanfar staidéar ar leith ar an seanscéal cáiliúil úd, Táin Bó Cuailgne le tagairtí do sheanscéalta eile atá bainteach leis.
Déanfar mionphlé ar cheann de mhórshraitheanna na scéalaíochta sa Ghaeilge, an Fhiannaíocht, go háirithe ó aimsir na Nua-Ghaeilge Moiche ar aghaidh. Léifear scéalta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Laoi Oisín i dTír na nÓg. Déanfar staidéar ar léamh lámhscríbhinní chomh maith le go mbeidh blaiseadh ag mic léinn ar an gcuid thábhachtach seo dár n-oidhreacht liteartha.
Staidéar ar na hAmhráin Ghrá ag díriú ar leitheadúlacht an stór amhrán sin sa traidisiún agus ar na tuiscintí a léirítear ar choincheap an ghrá i saothair faoi leith. Léargas a thabhairt ar nádúr agus cáilíochtaí na nuafhilíochta ó lár an fhichiú haois go dtí an lá atá inniu ann le léamh criticiúil ar shaothair roghnaithe de chuid na tréimhse sin.
Staidéar ar stair an úrscéil Gaeilge ó aimsir na hAthbheochan ar aghaidh agus tabharfar léargas ar an gcomhthéacs as ar eascair mórshaothair na linne sin. Déanfar staidéar ar leith ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain agus An Gealas i Lár na Léithe le Pádraig Ó Cíobháin. Déanfar plé criticiúil ar sheánra, ar ábhar, ar chomhthéacs, ar theanga agus ar stíl na saothar.
Tráchtas Fo-chéime
Modúil Roghnacha sa B Oid
Féach thíos le haghaidh modúil in ord íslitheach ó Bhliain 1 ar aghaidh:
Staidéar ar nua-litríocht na Gaeilge le béim ar an ngearrscéal agus ar an bhfilíocht. Pléifear forbairt na gearrscéalaíochta Gaeilge ó aimsir na hathbheochana i leith. Déanfar mionléamh ar shaothar roinnt de mhórscríbhneoirí próis an fichiú haois agus ar scríbhneoirí atá ag saothrú i ngort na gearrscéalaíochta sa lá atá inniu ann. Staidéar ar chomhthéacs stairiúil na Nua-fhilíochta agus mar a bhí sí fite fuaite le hAthbheochan na Gaeilge agus bunú an Stáit. Staidéar ar fhilíocht lár an chéid anuas go dtí glúin INNTI mar aon leis na filí comhaimseartha atá i mbun pinn le 30 bliain anuas.
Staidéar ar ionad, ar chomhthéacs agus ar fheidhm na Gaeilge i sochaí agus i saol poiblí na hÉireann. Buncheisteanna sochtheangeolaíochta maraon le straitéisí agus polasaithe rialtais i dtaca le pleanáil don Ghaeilge in Éirinn a chíoradh. Staidéar ar leith ar shaincheisteanna Gaeltachta. Tuiscint a thabhairt do mhic léinn ar an reachtaíocht a bhaineann le Gaeilge, ar Ghaeilge sna meáin chumarsáide agus ar Ghaeilge sa chóras oideachais. Staidéar a dhéanamh ar logainmneacha agus ar ainmneacha pearsanta na hÉireann idir chiall, chúlra, bhunú, bhéarlú agus seachadadh agus ar thábhacht an dinnseanchais sa lá atá inniu ann. Deis a thabhairt do mhic léinn cur lena gcuid scileanna cumarsáide sa Ghaeilge idir labhairt agus scríobh.
Staidéar ar fhorbairt an úrscéil agus na dírbheathaisnéise Gaeilge ó aimsir na hAthbheochana anuas go dtí ár linn féin. Déanfar staidéar ar leith ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain agus An Gealas i Lár na Léithe le Pádraig Ó Cíobháin. Déanfar staidéar ar an dírbheathaisnéis Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna. Déanfar plé criticiúil ar sheánra, ar ábhar, ar chomhthéacs, ar theanga agus ar stíl na saothar.
Staidéar ar an mbéaloideas a bhaineann leis na Bandéithe in Éirinn ó thosach aimsire. Staidéar ar na seánraí úd ina dtugtar tús áite do ghuth na mban, le mionléamh ar dhá mhórshaothar de chuid an ochtú céad déag, mar atá, 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire' agus 'Cúirt an Mheon-Oíche'. Déanfar staidéar chomh maith ar shaothar chuid de bhanfhilí Gaeilge ár ré féin.
Staidéar ar choincheap an bhéaloidis i dtéarmaí leithne agus ar láithriú, bailiú, seachadadh agus caomhnú an bhéaloidis in Éirinn.
Staidéar ginearálta ar thraidisiún na litríochta béil agus na hamhránaíochta Gaeilge. Eolas ar na hamhráin dhúchasacha agus ar an amhránaíocht sean-nóis agus staidéar ar leith a dhéanamh ar na hamhráin ghrá. Léargas a thabhairt ar an bhfilíocht áitiúil, agus a stádas sa phobal.
Cíoradh a dhéanamh ar an scéalaíocht agus ar an stór scéalta dúchasacha. Deis a thabhairt do mhic léinn cur lena gcuid scileanna cumarsáide sa Ghaeilge idir labhairt agus scríobh.
Tá an Ghaeilge ar fáil mar chuid de thrí chlár ag CMgS, Champas Phádraig, Durlas: BA san Oideachas, Gaeilge & Staidéir Reiligiúin; BA san Oideachas, Gaeilge & Staidéar Gnó agus BA san Oideachas, Gaeilge & Matamaitic.
Féach thíos le haghaidh modúil in ord íslitheach ó Bhliain 1 ar aghaidh:
Forbairt an ghearrscéil mar sheánra i nualitríocht na Gaeilge agus mionléamh ar rogha saothar ó thréimhse na hAthbheochana anuas go dtí an ré chomhaimseartha.
Teangacha an domhain, an Ghaeilge i measc theangacha an domhain, saintréithe na Gaeilge, An tAistriú Teanga, straitéisí an stáit don Ghaeilge sa phobal, fearainn na Gaeilge.
Staidéar ar shaibhreas agus ar shaíocht litríocht na Sean-Ghaeilge, ar an tseanfhilíocht agus lucht léinn na Sean-Ghaeilge. Plé ar scéalta móra na Sean- agus na Meán-Ghaeilge ar nós An Táin, Buile Shuibhne agus Oidheadh Chloinne hUisneach. Staidéar ar cheann de mhórsraitheanna na scéalaíochta sa Ghaeilge – An Fhiannaíocht, go háirithe ó aimsir na Nua-Ghaeilge Moiche ar aghaidh. Mionphlé ar scéalta Fiannaíochta ar nós Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne.
Bunstruchtúr, gramadach agus comhréir na Gaeilge, cothú scileanna i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Logainmneacha i gcoitinne, ciall agus tuiscintí an fhocail ‘dinnseanchas,’ le béim ar an tírdhreach, agus ar an gcóras ainmnithe. Seachadadh, polaitíocht agus cúlra sóisialta na logainmneacha. Feidhmeanna agus stádas na topografaíochta in Éirinn. Forbairt na n-ainmneacha pearsanta, idir ainmneacha baiste agus sloinnte. Béarlú na n-ainmneacha agus na logainmneacha.
An t-úrscéal Gluaiseacht le hAlan Titley, an t- iarchoilíneachas agus díláithriú pobal.
Comhthéacs stairiúil na Nua-fhilíochta agus mar a bhí sí fite fuaite le hAthbheochan na Gaeilge agus bunú an Stáit. Filíocht lár an chéid anuas go dtí glúin INNTI mar aon leis na filí comhaimseartha atá i mbun pinn le 30 bliain anuas.
Déanfar scileanna foghlama teanga na mac léinn a fhorbairt trí thascanna éagsúla a chur i gcrích a dhíreoidh ar cheartúsáid na Gaeilge. Cuirfear béim ar leith ar labhairt na teanga. Tabharfar deis do na mic léinn dul ag obair ar thascanna cruthaitheacha a thabharfaidh léargas breise dóibh ar chultúr agus ar ealaíona na Gaeltachta agus a thabharfaidh smaointe agus straitéisí dóibh a chuideoidh leo an Ghaeilge a mhúineadh, agus an t-ábhar eile atá mar chuid dá gclár céime a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.
Mionléamh ar ghearrscéalta Gaeilge ina gcomhthéacsanna critice. Déanfar staidéar ar shaothar le beirt údar faoi leith. Tuiscint a thabhairt do na mic léinn ar choincheap an bhéaloidis i dtéarmaí leithne agus ar láithriú, bailiú, seachadadh agus caomhnú an bhéaloidis in Éirinn.
Staidéar a dhéanamh ar an bhFilíocht Chlasaiceach, a cúlra, a comhthéacs, maraon le béim ar leith ar Na Dánta Grádha.
Staidéar a dhéanamh ar dhírbheathaisnéis na Gaeilge, cosúil le Fiche Blian ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin, agus Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna. Cleachtaí i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, le béim ar leith ar ghnéithe áirithe den ghramadach, an t-ainmfhocal, agus an tuiseal, mar shampla.
Déanfar suirbhé ar litríocht na Gaeilge sa seachtú haois déag le cur síos ar na séanraí éagsúla próis agus filíochta a bhí á gcleachtadh ag mórscríbhneoirí na linne úd, agus é sin ar fad á chur ina chomhthéacs ceart staire agus polaitíochta. Sa staidéar ar litríocht an ochtú haois déag déanfar staidéar ar leith ar mhórshaothar filíochta Bhrian Merriman, Cúirt an Mheon-Oíche, agus pléifear an traidisiún as ar eascair an dán mór seo. Pléifear an fhilíocht Sheacaibíteach a scríobh filí móra na hochtú haoise déag ar nós Aogáin Uí Rathaille agus Eoghain Rua Uí Shúilleabháin ag féachaint go háirithe ar na haislingí polaitiúla a chum na filí tábhachtacha seo.
Staidéar ar logainmneacha na hÉireann ó ré na luathstaire go dtí an saol comhaimseartha, ar fhorbairt logainmneacha agus ar na hathruithe a bhuailtear anuas ar ainm le himeacht ama, ar an gcomhthéacs polaitiúil agus ar athruithe polaitiúla agus stairiúla a d’imir tionchar ar logainmneacha na tíre seo. Staidéar ar theanga mar mhodh cumarsáide, ar shealbhú teanga agus ar bhuncheisteanna teangeolaíochta. Béim ar leith ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus iniúchadh ar aistriú teanga, ar phleanáil teanga, ar bhuanú teanga agus ar pholasaithe stáit i leith na Gaeilge in Éirinn.
Staidéar ar na hAmhráin Ghrá ag díriú ar leitheadúlacht an stór amhrán sin sa traidisiún agus ar na tuiscintí a léirítear ar choincheap an ghrá i saothair faoi leith. Léargas a thabhairt ar nádúr agus cáilíochtaí na nuafhilíochta ó lár an fhichiú haois go dtí an lá atá inniu ann le léamh criticiúil ar shaothair roghnaithe de chuid na tréimhse sin.
Staidéar ar rannpháirtíocht na mban i litríocht na Gaeilge.
Staidéar ar thraidisiún na drámaíochta i nGaeilge, agus ar phríomhdhrámaí na Gaeilge.
Staidéar ar ar thraidisiún na caointeoireachta.
Plé a dhéanamh ar ról na mban sa mhiotaseolaíocht, agus ar scéalta éagsúla a bhaineann le bandéithe.
Forbairt ar scileanna teanga idir labhairt agus scríobh, le béim ar dhíochlaonadh an ainmfhocail agus na haidiachta.
Díreofar aird na mac léinn ar an teanga mar a bheidh sí ag teastáil uathu ina ról gairmiúil agus iad ag múineadh na Gaeilge nó ag múineadh ábhar eile trí mheán na Gaeilge. Díreofar ar scileanna praiticiúla an mhúinteora agus ar dhea-chleachtais na múinteoireachta trí mheán na Gaeilge. Díreofar aird ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta, ar na Meáin Ghaeilge, ar an gceantar Gaeltachta féin, ar an ghné chruthaitheach den teanga, agus ar chruinneas teanga.
Staidéar ar stair an úrscéil Gaeilge ó aimsir na hAthbheochana ar aghaidh agus tabharfar léargas ar an gcomhthéacs as ar eascair mórshaothair na linne sin. Déanfar staidéar ar leith ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain. Déanfar plé ar an óige i bprós na Gaeilge, ag baint úsaide as an díolaim Aois na hÓige le hAisling Ní Dhonnchadha agus Mairín Nic Eoin.
Déanfar plé criticiúil ar sheánra, ar ábhar, ar chomhthéacs, ar theanga agus ar stíl na saothar.
GA4001: Gaeilge ab initio - Irish for beginners
Múineann an roinn modúl do mhic léinn idirnáisiúnta: GA4001: Gaeilge ab initio – Irish for beginners
Comhaltachtaí Iarchéime: Eolas Ginearálta
Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Comhaltachtaí iarchéime Eolas Ginearálta
Roinn bhisiúil í Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, agus láithreacht aici ar champas Luimnigh agus ar champas Dhúrlais de Choláiste Mhuire gan Smál. Is cuid de Dhámh na nDán an Roinn.
Tá proifíl láidir taighde ag an Roinn le fada an lá agus naonúr léachtóirí lánaimseartha ann, a fhoilsíonn taighde i réimsí iomadúla de Léann na Gaeilge agus eile. Bíonn comhdháil bhliantúil ag an Roinn agus foilsítear imeachtaí na comhdhála.
Bíonn deis ag mic léinn iarchéime deiseanna oiliúna agus deiseanna forbartha gairmiúla éagsúla a thapú, deiseanna breise an Oifig Taighde agus Iarchéime agus LEAD (ionad Learning Enhancement and Academic Development) san áireamh. Bíonn cárta ar fáil do mhic léinn iarchéime na Roinne don seomra foirne agus faigheann siad taithí teagaisc le mic léinn fochéime.
Tá daoine a ghnóthaigh máistreachtaí agus Phd trí thaighde leis an Roinn tar éis róil a bhaint amach i réimsí éagsúla fostaíochta, sa saol acadúil agus sa teagasc ag an triú leibhéal, sna healaíona, agus i réimsí eile.
Is mian linn deis comhaltacht(aí) iarchéime a fhógairt anois.
Scéim na gcomhaltachtaí
Tá Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál ag glacadh le hiarratais faoi láthair ó mhic léinn a bhfuil suim acu cur isteach ar chomhaltacht(aí) iarchéime do thograí taighde iarchéime a gcuirfí tús leo i Meán Fómhair 2022 agus Eanáir 2023.
Beidh an té a mbronnfar comhaltacht orthu ag déanamh taighde faoi stiúir bhall foirne de chuid na Roinne. Glanfar na táillí don té sin (dhá bhliain do MA taighde, 4 bliana do mhac léinn Phd). Anuas ar sin beidh an comhalta i dteideal íocaíocht €6,900 in aghaidh na bliana (dhá bhliain i gcás M.A. taighde; trí bliana i gcás Ph.D.). Tabharfaidh an comhalta faoi ranganna teagaisc nó obair Roinne eile, gan dul thar 120 uair sa bhliain – de ghnáth c4-5 uair in aghaidh na seachtaine. Beifear ag súil leis go mbeidh tú ar fáil ar champas do na ranganna/dualgais seo.
Tá eolas ginearálta faoi théarmaí na scéime seo le fáil anseo.
Tá eolas ag an nasc sin freisin faoi scéimeanna maoinithe eile. Comhthreomhar agus anuas ar scéim na gcomhaltachtaí, fáiltíonn an Roinn roimh iarratais ar stiúrthóirí do mhic léinn a bhfuil maoiniú seachtrach acu.
Tá eolas thíos faoin modh iarratais.
An t-iarratas:
Cuid 1. Ba chóir ceist taighde a roghnú agus c2000 focal a chur ar fáil faoin gceist taighde seo, agus na nithe seo a leanas san áireamh: Cén fáth an taighde? An Cúlra critice/an comhthéacs, Modheolaíocht, Plean taighde, Gearrliosta foinsí, Conas mar a chuirfidh an taighde seo leis an ngort taighde/Conas mar a imreoidh sé tionchar ar an sochaí. Is féidir go n-iarrfar ort cur i láthair gearr (beo nó ar líne) a dhéanamh ar an bplean taighde seo. Cur i láthair neamhfhoirmeálta a bheidh anseo, c 5-10n de chur i láthair foirmeálta agus ansin comhrá, agus deis ceisteanna.
Cuid 2: (Gan dul thar 2 lch A4) Is cóir curriculum vitae gearr a chur ar fáil a thabharfadh eolas faoi do thorthaí acadúla fochéime agus eile; aon duaiseanna nó gaiscí ar leith; taithí teagaisc/oiliúna/cóitseála/ghairmiúil má bhaineann le hábhar; do ghaol leis an nGaeilge agus/nó pobal na Gaeilge; foilseacháin (acadúla nó eile, más ann dóibh); fianaise ar d’oiriúnacht le tabhairt faoi mhúineadh ranganna teagaisc teanga/litríochta/eile. Is féidir go n-iarrfar fianaise ar na torthaí seo amach anseo.
Cuid 3: Ráiteas pearsanta. (Gan dul thar c300 focal) Seo cur síos maidir le cé tú féin agus cén fáth gur chóir comhaltacht a bhronnadh ort. Is cóir na nithe seo a leanas a thabhairt san áireamh: Fianaise ar scileanna scríbhneoireachta, digiteacha, taighde. An fhís atá agat ó thaobh do shaoil ghairmiúil amach anseo (acadúil agus/nó eile). An tslí go gcabhródh comhaltacht leat do chuid taighde a chur chun cinn. An mianach atá ionat dul i bhfeidhm ar mhic léinn.
Cuid 4 (roghnach): Sampla de do chuid scríbhneoireachta (acadúil nó eile, foilsithe nó neamhfhoilsithe)– mar shampla, aiste a scríobh tú don chéim.
Ba chóir gach iarratas a sheoladh chuig Breandan.OCroinin@mic.ul.ie agus cc déanta ar Mary.OLoughlin@mic.ul.ie.
An modh roghnaithe:
Beidh fochoiste ann a fhéachfaidh i ndiaidh cúram an roghnaithe, bunaithe ar na critéir roghnaithe seo a leanas:
Cumas an iarrthóra faoi mar a léirítear é sa CV, sa ráiteas pearsanta agus sa phlean taighde.
Feabhas an phlean taighde agus oiriúnacht an iarrthóra le tabhairt faoi
Oiriúnacht an iarrthóra le bheith mar chomhalta Roinne, bunaithe ar an méid thuas agus ar an gcur i láthair/comhrá.
Déanfar scagadh ar na hiarratais agus bronnfar marcanna ar na caipéisí sin agus ar an gcur i láthair/comhrá. Beidh an Ceann Roinne agus ar a laghad beirt bhall foirne páirteach sa choiste.
Ach iarrthóir(í) bheith roghnaithe ag an gcoiste, déanfar iad a fhaomhadh ag an Roinn agus cuirfear an moladh chomh fada leis an Scoil Taighde agus Iarchéime, le faomhadh ag an gcoláiste. Cuirfear iarrthóirí ar an eolas chomh luath agus is féidir agus sa chás nach bhfuil iarrthóir sásúil ann, déanfar athfhógairt ar an deis.
Eolas neamhfhoirmeálta le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Breandan.OCroinin@mic.ul.ie (Ceann Roinne).
Réimsí spéise taighde na Roinne (is féidir go mbeadh stiúradh le fáil ar ábhair eile freisin)
An Nualitríocht ón Seachtú haois déag i leith, Ealaíona Béil na Gaeilge, An Drámaíocht agus an Taibhléiriú, An tSochtheangeolaíocht agus an Phleanáil teanga, Logainmneacha, Léann lámhscribhinní agus eagarthóireacht ar théascanna, An Ghaeilge agus an Pobal, Na meáin chumarsáide, An Amhránaíocht, An litríocht bhéil agus an béaloideas, An teangeolaíocht, Léann an Aistriúcháin, Pobail na Gaeilge in Éirinn agus in Albain, Taighde gnímh.
An Fhoireann
Nuacht
Comhdháil an Oirdheiscirt 2024
Comhdháil an Oirdheiscirt 2024
Céad Bliain de Litríocht na nDéise agus an Cheantair Máguaird
An Satharn, 7 Meán Fómhair, 2024
Studio 1, SETU Arena, Port Láirge
Oscailt na Comhdhála, 9.30
Seisiún 1
10.00-10.30: Seán Ó Dúnaighe: Úrscéalaí Gaelainne ó Bhaile Uí Chuinn na gCrann – Liam Ó Riain.
10.30-11.00: “Maidir leis na litreacha a ghaibh eadrainn…”: Nioclás Tóibín agus An Gúm – Caoimhe Nic Lochlainn.
11.00-11.30: ‘Sliabh gCua na Féile’: Léiriú scannáin faoi Phádraig Ó Miléadha – Éamon Wall.
Tae & Caife, 11.30-11.45
Seisiún 2
Aoichaint, 11.45-12.30: An Ghaeltacht mar inspioráid don scríbhneoir sa 21ú haois – Áine Uí Fhoghlú.
12.30-1.00: “Ná bíodh scáth ort roimh an doimhneacht aduain”: Sláinte na mban in Mná dár mhair le hÁine Uí Fhoghlú – Ríona Ní Churtáin.
Lón, 1.00-2.00
Seisiún 3
2.00-2.30: Deirdre Brennan agus filí Cheatharlach – Róisín Sheehy.
2.30-3.00: Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge san Oirdheisceart: fócas ar an bpleanáil teanga – Éilis Neary.
3.15-3.45: Léamh filíochta – mic oscailte.
Seisiún 4
Aoichaint, 3.45-4.30: Cruthaitheacht na nDeoraithe sna Déise – Catherine Foley.
Clabhsúr na Comhdhála, 4.30
Cúlra na Comhdhála
Comhfhiontar nua idir Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) agus Coláiste Mhuire gan Smál, Campas Phádraig, Durlas (MIC) is ea í an tsraith seo. Reáchtálfar an chéad chomhdháil sa tsraith ‘Céad Bliain de Litríocht na nDéise agus an Cheantair Máguaird’ ar phríomhchampas SETU i gcathair Phort Láirge i Mí Mheán Fómhar. Tá traidisiún saibhir litríochta agus scríbhneoireachta le sonrú sna Déise agus i measc phobal níos leithne an Oirdheiscirt le fada an lá. Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil seo ardán a thabhairt don saibhreas scríbhneoireachta sin agus d’fhearann litríocht na Gaeilge fud fad Oirdheisceart na tíre.
Is iad Shane Grant (SETU), Eimear Nic Conmhaic (MIC), Séamus Dillon (SETU) agus Tony Ó Floinn (MIC) atá i mbun eagraithe na comhdhála.
Taighde
Meet the Researcher - Keith Ó Riain
Bhain Keith a PhD amach sa Ghaeilge le Roinn na Gaeilge CMgS le déanaí. Pléann sé a thaighde dhochtúireachta ar fhile ón ochtú haois déag a bhí beagnach lighte i ndearmad ag scoláirí go dtí seo: Éadbhard de Nógla.
Cad a dhein tú do do bhunchéim agus do d’iarchéim?
Dheineas staidéar ar an nGaeilge agus Stair anseo i gCMgS do mo bhunchéim. Thógas modúla éagsúla san Fhealsúnacht freisin agus chuireas mo thráchtas fochéime i gcrích i Roinn na Staire ar Mentalité na nGael i Luimneach i lár na hochtú haoise déag bunaithe ar dhánta Fhilí na Máighe.
Dheineas mo chuid staidéir iarchéime i Roinn na Gaeilge CMgS agus bhaineas céim dhochtúireachta amach le déanaí. Dhírigh mo thaighde ar shaol agus saothar Éadbhaird de Nógla, file ón ochtú haois déag. Bhí an t-ádh orm Scoláireacht Iarchéime Rialtas na hÉireann ó Chomhairle Taighde na hÉireann a fháil don tionscadal seo.
Inis dúinn faoi do thaighde
Chuireas saothar Éadbhaird de Nógla, file ón ochtú haois déag, in eagar do mo thaighde iarchéime. Maireann dán is daichead ó lámh Éadbhaird i lámhscríbhinní ón ochtú agus ón naoú haois déag i gcartlanna in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe. Chum de Nógla amhráin de gach sort ó dhánta Seacaibíteacha, amhráin ghrá do striapach ó Ché Chorcaí, caoineadh dá ghadhair agus 116 líne filíochta ar an mball fearga fiú. Chomh maith le heagrán criticiúil de shaothar liteartha an Nóglaigh, scríobhas staidéar ar na dánta ó thaobh na litríochta agus staire de, ag díriú ar an bpolaitíocht, mná, cléir, cairde, greann, seanaois agus barántais, maraon le scéal beatha an Nóglaigh. Cuireann an tráchtas saothar de Nógla os comhair scoláirí agus lucht léite na Gaeilge ar an mbealach céanna ná mar a deineadh le filí móra na tréimhse cheana. Thairis sin, cuireann sé béim ar leith ar luach stairiúla na ndánta agus do stair shóisialta go háirithe.
Cad é an rud is fearr leat faoi do thaighde
Is breá liom obair na cartlainne. Is iontach an rud lámhscríbhinní ón ochtú haois déag a bhreith i do lámha agus na hamhráin inti – amhráin nach bhfuil cloiste nó canta le níos mó ná dhá chéad bhliain – a fheisicnt agus a chloisteáil agus tú á dtras-scríobh. Chomh maith le turais taighde i gCorcaigh, Gaillimh, Má Nuad agus Baile Átha Cliath, b’éigean dom dul go Sasana chun lámhscríbhinní a bhreathnú freisin agus bhí an deis agam taisteal chuig Manchester, Cambridge, Oxford agus Londain. Is maith liom an eagarthóireacht freisin – is mór an dúshlán téacsanna a chur in eagar ach ní beag an tairbhe agus sásúil a bhaintear as an gcuid sin den obair freisin.
Cén comhairle atá agat do dhaoine atá ag smaoineamh tabhairt faoi chlár iarchéime trí thaighde?
Dein cinnte go bhfuil fíor-shuim agat i d’ábhar taighde ar dtús agus go bhfuil poitéinseal ag do thaighde tionchar a bheith aige ar an scoláireacht. Is fiú an tionscadal a phleanáil amach ó thús deireadh sula dtosnaíonn tú agus an plean sin a aontú le do stiúrthóir chomh maith. Dein an mó dréachtaí agus is féidir leat de do chuid scríbhneoireachta – deineann cleachtadh máistreacht, mar a deirtear. Tá sé tábhachtach gan an taighde agus an scríbhneoireacht a bhrostú agus chun sosanna a thógáil ón dtionscadal freisin. Dein do dhícheall gan do mhisneach a chailliúint nuair a théann tú i ngleic le dúshláin agus teip – bíonn dóthain foghlaim phraiticiúil ó na nithe sin is a bhíonn agat ón dtaighde féin, go hiondúil.
Keith was recently awarded his PhD in Irish which he completed with the Irish Department at MIC. He discusses his doctoral research on an eighteenth-century poet, Éadbhard de Nólga, who has thus far been largely neglected by scholars.
What did you study as an Undergraduate and Postgraduate?
I studied Irish and History here at MIC for my BA. I also took modules in Philosophy and completed my undergraduate dissertation with the Department of History on the Mentalité of Irish speaking people in Limerick in the mid eighteenth-century based on the poems of the Maigue Poets.
I did my postgraduate studies in the Department of Irish here at MIC and completed my PhD recently. My research focused on the life and work of Éadbhard de Nógla, an eighteenth-century Irish language poet. I was fortunate to receive a Government of Ireland Postgraduate Scholarship from the Irish Research Council for this project.
Tell us a bit about your research
For my postgraduate research I edited the work of Éadbhard de Nógla, an eighteenth-century Irish language poet. Forty-one poems from de Nógla’s hand survive in manuscripts from the eighteenth and nineteenth centuries in archives in Ireland, England and the USA. De Nógla composed songs of every kind from Jacobite poems, love songs for a Cork Quay prostitute, a lament for his dog and even 116 lines on his male member. In addition to a critical edition of de Nógla’s literary work, I undertook a study of the poems from literary and historical perspectives, focusing on politics, women, clergy, friendship, humour, old age and warrants, along with a biography of the poet. The thesis places de Nógla’s work before scholars and readers of Irish in the same way as has been done with major poets of the period already. Moreover, it emphasises the historical value of the poems, particularly for social history.
What do you enjoy most about undertaking your research projects?
I very much enjoy archival work. It is remarkable to hold an eighteenth-century manuscript in your hands and to see and hear songs and poems in in it as you transcribe them – songs that have not been heard or sung for over two hundred years. As well as research trips to Cork, Galway, Maynooth and Dublin, I also had to go to England to examine manuscripts where I had the chance to visit Manchester, Cambridge, Oxford and London. I like editing too – it is a very challenging task but an equally rewarding aspect of the work.
Do you have any advice for someone considering taking up a postgraduate programme by research?
In the first place, be sure you have a strong interest in your research subject and that your research has potential to impact upon scholarship. It is also worth planning your project out from beginning to end and agreeing this plan with your supervisor before you start. Write as many drafts of your work as you can – practice makes perfect. It is important not rush the research or writing too and to take breaks from the project. Try not to be disheartened by setbacks and failure – there’s usually as much applicable learning from these as from your actual research.
MIC’s Meet the Researcher series focuses on the breadth of research output from MIC academics and student researchers.
- Maidir Leis an Roinn
- Forbhreathnú ar an Ábhar
- An Fhoireann
- Nuacht
- Taighde